The Sea Collective is a social enterprise based in Gaoth Dobhair, Co. Donegal. This beautiful region, situated on the northwest coast of the Wild Atlantic Way, boasts incredible marine biodiversity and a strong maritime culture and heritage. The Sea Collective hopes to help preserve this by engaging people in the incredible marine biodiversity in this area, as well as encouraging participants to share their own knowledge and stories.
Is fiontar sóisialta é Meitheal na Mara atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Ceantar álainn é, suite ar chósta an iarthuaiscirt ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, a bhfuil saibhreas iontach bithéagsúlachta, agus a chuid féin de thraidisiúin agus d’oidhreacht ársa iascaireachta aige. Chuige sin, tá sé de rún ag Meitheal na Mara an bhithéagsúlacht iontach seo a chur ar a súile do dhaoine agus deis a thabhairt dóibh a gcuid eolais agus seanachais a roinnt, leis an oidhreacht seo a chaomhnú.
We provide opportunities for people to connect with, share knowledge and learn more about the ocean through participation in a variety of activities tailored for schools, youth clubs, community centres, tourists and businesses.
Cuirimid deiseanna ar fáil do dhaoine dul i dtaithí ar an fharraige, eolas a roinnt agus tuilleadh a fhoghlaim. Chuige seo tá gníomhaíochtaí deartha againn do scoileanna, clubanna óige, ionaid phobail, turasóirí agus do ghnólachtaí.
Through developing and facilitating programmes that engage people in marine biodiversity, citizen science and heritage activities, The Sea Collective enable people to reap the physical and mental health benefits from blue spaces, while inspiring and nurturing curiosity and responsibility for our oceans and our ocean heritage.
Déanann Meitheal na Mara cláir a dhearadh agus chur ar fáil le cuidiú le daoine a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oidhreachta, bithéagsúlacht mara, agus eolaíocht saoránach. Is mór an tairbhe sláinte idir intinn agus cholainn atá le baint as bheith amuigh fán bhlár mhór agus spreagann siad daoine bheith fiosrach agus freagrach as an fharraige agus as ár n-oidhreacht mara.



Más mian leat cuairt scoile nó pobail a shocrú ón Sea Collective déan teagmháil linn le do thoil.

